Ag Feitheamh le Corinna Ni Chongaile
An samhradh go léir a d’fhan siad,
Tri aimsir bhrothallach te,
Ag feitheamh, ag fanacht go mífoighneach,
Leis an ócáid mhór seo.
Sceitimíní áthais a bhí orthu
Ag ullmhú is ag tnúth
Leis an saol úr speisialta,
Mioruilt iontach na beatha
Sa deireadh tháinig an lá,
Is shroich naíonán nua an domhan,
Saol beag bídeach,
Gan dua, gan bhuaireamh.
Tuismitheoiri bródúla,
Seantuismitheoirí áthasacha,
Gaolta is comharsana riméadacha,
An feitheamh thart, buíochas le Dia.
Iontas is ea suaimhneas linbh
Ina chodladh go sámh,
Comhghairdeas ó gach taobh,
Bronntanas luachmhar Dé.
|